Fáilte chuig Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh
“In morning’s youth I look across this land
so fresh and quiet
and all my senses full enjoy
this beauty bogland sight.”
– On Clara Bog by Drigin Gaffey
Is é Portach Chlóirthigh an sampla is fearr atá fágtha de phortach ardaithe in Éirinn sa lá atá inniu ann. Chlúdaigh portaigh ardaithe 310,000 heicteár in Éirinn fadó, ach níl ach 7% fágtha sa lá atá inniu ann. Is ionann sin agus breis is 50% den limistéar atá fágtha de phortach ardaithe nach bhfuil bainte in Iarthuaisceart na hEorpa.
Clúdaíonn Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh 464 heicteár de phortach ardaithe le córas eascaigh agus maothchóras atá follasach. Tá go leor speiceas fiadhúlra faoi chosaint san anaclann dúlra. Tá clárchosán adhmaid 1km-lúbtha, le painéil léirmhínithe, ag Portach Chlóirthigh agus é curtha ar fáil le haghaidh áineasa do mhuintir na háite agus le haghaidh turasóirí. Tá an suíomh faoi chosaint faoi roinnt ainmniúchán náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear Anaclann Náisiúnta Dúlra, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, Láithreán Bogaigh Ramsar, láithreán Natura 2000, agus Limistéar Oidhreachta Nádúrtha. Is í Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a dhéanann bainistiú ar Anaclann Dúlra agus Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh.
Tugann Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh, a bhfuil gradaim bainte amach aige, léargas iontach do chuairteoirí ar an bportach. Clúdaíonn an limistéar léirmhínithe idirghníomhach téamaí ar nós: forbairt na dtailte portaigh; bithéagsúlacht na bportach ardaithe; an stair agus an tseandálaíocht a bhaineann le portaigh ardaithe; agus roinnt fíricí uathúla faoi Phortach Chlóirthigh. Is féidir freastal ar ghrúpaí de 50 sa seomra Closamhairc ilchuspóireach agus tá sé ar fáil le haghaidh cruinnithe, cainteanna, ceardlanna agus cúrsaí do ghrúpaí áitiúla/comhshaoil. Cuireann an tIonad do Chuairteoirí siúlóidí, cainteanna, ceardlanna agus gníomhaíochtaí oideachais eile ar fáil do dhaoine fásta agus do leanaí.
Tá an tIonad do Chuairteoirí ar oscailt ó 2010 agus tá sé sa suíomh céanna le Leabharlann Chlóirthigh ar Bhóthar Bhéal Átha Chomair. Tá muid 1.5 km ón anaclann dúlra atá lonnaithe ar Bhóthar Chlóirthigh-Raithin. Is féidir le cuairteoirí páirceáil ag an Ionad agus siúl chuig an anaclann dúlra, nó tá áit do charranna ag an anaclann dúlra féin. Níl an t-ionad ach 5 nóiméad siúil ó stáisiún traenach Chlóirthigh agus díreach 10 nóiméad ó mhótarbhealach an M6. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh athrú teacht ar uaireanta oscailte an Ionaid, mar sin moltar duit iad a sheiceáil roimh do chuairt. Tá clárchosán na hanaclainne dúlra oscailte agus inrochtana i rith na bliana.