Tá portach Chlóirthigh ar cheann de na samplaí is fearr atá fágtha de phortach ardaithe, atá slán den chuid is mó, in Iarthar na hEorpa. Tá sé ráite gur féidir leat deich míle bliain de stair a fheiceáil sa deich gciliméadar cearnach a chuimsíonn Portach Chlóirthigh agus an ceantar máguaird. Tagraíonn sé seo don tionchar a bhí ag an Oighearaois dheireanach ar thírdhreach na hÉireann. Ó thuaidh ón bportach, ritheann eiscir soir-siar. De réir mar a bhí na hoighearshruthanna ag cúlú os cionn 10,000 bliain ó shin, leag siad eiscreacha, iomairí géara de shraitheanna gainimh agus gairbhéil. Chuir an eiscir seo bac ar dhraenáil an leá-uisce oighreach ón gceantar íseal ó dheas de Chlóirtheach agus rinneadh loch mór tanaí as.
Thosaigh plandaí ag fás timpeall ar imeall an locha agus le himeacht ama, leathnaigh na plandaí seo amach os cionn an chuid is mó de dhromchla an locha, agus é á líonadh isteach le hábhar marbh plandaí. De réir mar a d’fhás an t-ábhar plandaí leathlofa seo, ar a dtugtar móin eanaigh, os cionn an tionchar a bhí ag screamhuisce saibhir mianraí nó ag uiscí dromchla, fuair caonach móna agus plandaí eile, a bhí in ann a bheith faoi bhláth i dtimpeallacht nach raibh mórán cothaitheach ann, agus a bhrath ar uisce báistí, an lámh in uachtar. Bhásaigh an caonach móna agus plandaí eile, ach níor lobh siad mar nach raibh miocrorgánaigh san ithir in ann an fheidhm seo a chur i gcrích sa timpeallacht aigéadach, bháite, nach raibh mórán ocsaigin inti, agus charn an caonach marbh mar chaonach móna. Leanann an próiseas seo, a thosaigh thart ar 7,000 bliain ó shin, go dtí an lá atá inniu ann. Ba sa lár a tharla an carnadh móna ba mhó agus ba ar na himill ba lú a bhí sé, áit a raibh lobhadh an ábhair plandaí níos tapúla. Mar gheall air sin atá cruth cruinneacháin ar an bportach, atá ardaithe suas os cionn na talún máguaird. Is mar gheall air sin a thugtar portach ardaithe air.
Cuimsíonn Portach Chlóirthigh samplaí breátha de thulóga, loig, faichí, locháin agus borrfháis; ar comhpháirteanna tipiciúla iad ar fad de phortach ardaithe. I gClóirtheach, is gné speisialta iad na maothchórais, na limistéir uisce oscailte agus spotaí an-fhliucha, áit a bhfuil cothaithigh ar fáil agus dá bhrí sin tacaíonn siad le saol plandaí níos éagsúla ná mar atá sa phortach máguaird. Bíonn crainn ar an dá thaobh de na háiteanna seo uaireanta. Dhá cheantar mar sin is ea an Loch Rua agus Loch Mhic Sheanlaoich.