Tá dhá thrian de Phortach Chlóirthigh fágtha, agus aon trian den phortach sin caillte mar thoradh ar bhaint móna. Nuair a tógadh an bóthar ó Chlóirtheach go Raithean agus na draenacha a ghabhann leis, ag tosú ag deireadh an 18ú haois, rinne an bóthar dhá leath den phortach, rud a d’fhág gur thug an portach faoi suas le sé mhéadar. Creidtear go raibh cruth cruinneachánach lárnach ar an bportach, ach anois tá dhá chruinneachán ann, ceann ar Phortach Chlóirthigh Thiar agus ceann ar Phortach Chlóirthigh Thoir. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar thurnamh an phortaigh i dtreo an bhóthair ar an dá thaobh. Sna 1980idí, tochlaíodh dlúthghréasán de dhraenacha dromchla ar Phortach Chlóirthigh Thoir mar ullmhúchán do bhaint móna ar bhonn tráchtála. Níor tharla sé sin riamh, agus tá na draenacha sin blocáilte anois.
Tá go leor oibre fós le déanamh chun an portach seo, atá fós ag triomú amach agus ag turnamh, a chaomhnú. Tá aird náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an bportach ó thaobh imscrúdú eolaíochta le blianta fada. Tá tuiscint ar éicihidreolaíocht (staidéar ar na hidirghníomhaíochtaí idir éiceachórais agus uisce) an phortaigh ríthábhachtach chun go mairfidh sé. Mar gheall gur ar uisce a mhaireann gach portach ardaithe, táthar ag súil go gcabhróidh an dianstaidéar fadtéarmach ar Phortach Chlóirthigh le portaigh ardaithe eile in Éirinn, a bhfuil leas náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo, a chaomhnú.
Roghnaíodh portach Chlóirthigh mar cheann de na portaigh ar a n-oibreoidh foireann tionscadail ‘The Living Bog‘. Is é aidhm an tionscadail seo ná beocht a chur in athuair in dhá cheann déag de limistéir uathúla phortaigh ardaithe na hÉireann faoi chosaint speisialta i seacht gcontae idir 2016–2020. Feabhsóidh obair athchóirithe ar na láithreáin Natura 2000 seo níos mó ná 2,600 heicteár de ghnáthóg phortaigh ardaithe atá faoi bhagairt – arb ionann é agus níos mó ná 7,000 Páirc an Chrócaigh agus 18% den limistéar ardphortaigh náisiúnta.
Meastar gur cailleadh 99% den bhuncheantar de phortach ardaithe a bhí ag fás go gníomhach in Éirinn. Teastaíonn an méid bheag atá fágtha a athchóiriú agus a chaomhnú. A bhuíochas don tionscadal cúig bliana seo, atá maoinithe ag Ciste Dúlra agus Bithéagsúlacht LIFE de chuid an AE, le cúnamh ó Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta na hÉireann, beidh an Portach Beo ina bheatha arís…