Tá trí phríomhchatagóir de thailte portaigh in Éirinn: Eanaigh, Portaigh Ardaithe agus Bratphortaigh.
Eanaigh
Ag deireadh na hOighearaoise deireanaí thart ar 10,000 bliain ó shin, cuireadh tús le cruthú móna in Éirinn. Nuair a thosaigh an leathán oighir ag leá d’fhág sé iomairí gairbhéil ina dhiaidh. San áit a raibh an leá-uisce sáinnithe, cruthaíodh lochanna tanaí.
D’fhás plandaí ar nós giolcach feadh imeall na lochanna. De réir mar a fuair na plandaí sin bás, thosaigh siad ag lobhadh ag ráta mall mar gheall ar an timpeallacht fhliuch. Tharla sé seo go príomha mar gheall ar easpa ocsaigine a chuir cosc ar dhianscaoileadh miocróbach. Charn fuílleach na bplandaí ar ghrinneall an locha mar shraith móna. Tugtar móin eanaigh ar an móin seo a thagann le chéile faoi bhun leibhéal an uisce. Le himeacht ama d’éirigh an tsraith móna níos tibhe agus laghdaíodh limistéar an uisce oscailte go mór. Is screamhuisce an t-uisce a chuirtear isteach in eanach agus tá sé saibhir i mianraí. Tá roinnt eanach tar éis teacht chun cinn mar phortaigh ardaithe. Tarlaíonn an dul chun cinn seo thar na céadta bliain de réir mar a iompaíonn an mhóin agus an t-uisce ó dhálaí alcaileacha go dálaí aigéadacha. Meallann an t-athrú sna tosca aibitheacha seo pobal éagsúil plandaí agus ainmhithe. I gcás gur dálaí a bhaineann le gnáthóg alcaileach is mó atá ann, is eanach é; i gcás gur dálaí a bhaineann le gnáthóg aigéadach is mó atá ann, is portach ardaithe é.
Portaigh Ardaithe
Nuair a thosaigh plandaí ag lobhadh ag imeall locha agus nuair a bhí coinníollacha ceart le go bhféadfadh eanach móna tosú teacht le chéile, thosaigh na lochanna ag laghdú i méid de réir a chéile go mall. Lean an t-eanach air ag fás agus le himeacht ama thosaigh gnáthóg phortaigh ardaithe ag teacht le chéile. Is é an t-aon uisce a sholáthraítear chuig portach ardaithe ná uisce báistí atá an-íseal i gcothaithigh.
Tosaíonn an caonach móna atá oiriúnaithe chun fás i ndálaí íseal cothaitheach agus aigéadacha a bheith ina phlanda ceannasach. Is é an planda seo an ‘tógálaí portaigh’. Déanann sé an portach níos aigéadaí trí mheicníocht chasta mhalartaithe agus cruthaíonn sé patrún sainiúil tulóg agus log ar dhromchla beo an phortaigh. Is substaint cosúil le hithir í an mhóin atá déanta as fuílleach lofa de phlandaí marbha atá carntha os cionn a chéile in áiteanna báite leis na mílte bliain. Is éard atá ann ná caonach móna chomh maith le fréamhacha, duilleoga, bláthanna agus síolta fraoigh, féar agus cíbleach.
Thosaigh Portach Chlóirthigh ag teacht le chéile thart ar 8000 – 10,000 bliain ó shin nuair a líonadh an loch le sraith fásra marbh a chruthaigh móin eanaigh. Tharla sé sin ag an am céanna is ar thosaigh portaigh ardaithe ag teacht le chéile in Éirinn. Tá meándoimhneacht móna de 9 go 12 mhéadar ag portaigh ardaithe. Tá Portach Chlóirthigh 10 méadar ar doimhneacht anois. Braitheann sraith 30 ceintiméadar de chaonach móna beo gníomhach, ar bharr na móna marbh, ar uisce báistí nach bhfuil mórán cothaithigh ann. Titeann thart ar 850 milliméadar báistí gach bliain.
Bratphortaigh
Lasmuigh den cheantar Lár Tíre, tugtar bratphortach ar fhormhór na dtailte portaigh in Éirinn, go háirithe san Iarthar. Tagann siad le chéile i gceantair ina bhfuil an meánmhéid báistí a thiteann go bliantúil os cionn 1,200mm agus ina dtiteann an bháisteach 235 lá ar a laghad gach bliain. Thosaigh Bratphortaigh ag teacht le chéile thart ar 4,000 – 7,000 bliain ó shin; tá siad i bhfad níos óige ná portaigh ardaithe.
Mar gheall ar ghlanadh crann sna ceantair seo, chomh maith leis an mbáisteach mhór, shil mianraí ar nós iarainn síos go dtí na sraitheanna ithreach níos ísle. Charn na mianraí chun sraith neamhscagach a chruthú, ar a dtugtar cruachiseal iarainn. Tharla talamh báite mar gheall air sin agus bhí sé sin fabhrach don chruthú móna.
Is é 1.2 – 3 mhéadar an meándoimhneacht mhóna. Tá dhá phríomhchineál bratphortach ann. Cruthaítear bratphortach ísealchríche faoi bhun an chomhriain 152 méadar. Cruthaítear bratphortach sléibhe i gceantair os cionn an chomhriain 152 méadar in iarthar na hÉireann agus i réigiúin shléibhte ar fud na tíre, ar fhánaí suas le 20 céim.